Údarás Áitiúil: Comhairle Chontae na Mí
Tá toghchán comhaltaí do gach ceann de na toghcheantair áitiúla (An Uaimh, Ceanannas, Baile Átha Troim, Ráth Tó, Cill Dhéagláin, An Inse/Baile an Bhiataigh) den údarás áitiúil thuasluaite ar tí tosú.
Is féidir páipéir ainmniúcháin a fháil ón seoladh thíos le linn gnáthuaire oifige, Luan – Aoine 9rn – 5in nó ag localreturningofficer@meathcoco.ie
Féadfaidh duine é/í féin a ainmniú mar iarrthóir nó, lena t(h)oiliú, a bheith ainmnithe ag moltóir atá cláraithe mar thoghthóir rialtais áitiúil sa toghcheantar áitiúil den údarás áitiuil dá bhfuil sé beartaithe aige/aici an t-iarrthóir a ainmniú.
Ní mór deimhniú cleamhnachta polaitíochta a bheith ag gabháil le páipéar ainmniúcháin ó iarrthóir páirtí polaitíochta cláraithe agus caithfear é a thabhairt ar aird domsa lena fhoirm/lena foirm ainmniúcháin chomhlánaithe.
Mura mbeidh aon deimhniú tugtha ar aird ní mór don iarrthóir, roimh an am is déanaí chun ainmniúcháin a fháil, ceachtar den dá rud seo a dhéanamh –
- cúig aontú dhéag leis an ainmniúchán a fháil trí dhearbhuithe reachtúla ó thoghthóirí rialtais áitiúil a bheidh cláraithe sa toghlimistéar áitiúil ábhartha (tá na foirmeacha ar fáil uaimse nó ón údarás cláraithe), nó
- éarlais de €100 a íoc (is féidir éarlais a íoc thar ceann an iarrthóra freisin).
Is é 12 meánlae Dé Sathairn an 18 lá de mhí na Bealtaine, 2024, an t-am is déanaí le hainmniúcháin a ghlacadh.
Is féidir leis an iarrthóir nó lena mholtóir/a moltóir páipéir ainmniúcháin chomhlánaithe a sheachadadh chugam i bpearsa tráth ar bith a bhím i m’oifig, Dé Sathairn ó 10r.n. an 11 lá de mhí na Bealtaine, 2024, go 12 meánlae ar an lá is déanaí le hainmniúcháin a ghlacadh.
Tá ceangal orm faoin dlí a bheith i láthair le glacadh le hainmniúcháin idir 10 r.n. agus 12 meán lae agus idir 2.i.n. agus
5 i.n Dé hAoine 17 lá de mhí na Bealtaine, 2024 agus idir 10r.n. agus 12 meán lae Dé Sathairn 18 lá de mhí na Bealtaine, 2024.
Má bhíonn toghachán comhraic ann, reáchtálfar vótaíocht ar an 7 lá de mhí an Mheithimh, 2024 idir 7r.n. agus 10i.n.
An Ceann Comhairimh: Dara McGowan, Comhairle Chontae na Mí, Teach Buvinda, Bóthar Átha Cliath, An Uaimh, Contae na Mí, C15 Y291
Dáta: 30 Aibreán 2024
Local Authority: Meath County Council
An election of members for each of the local electoral areas (Navan, Kells, Trim, Ratoath, Ashbourne, Laytown/Bettystown) of the above-mentioned local authority is about to be held.
Nomination papers may be obtained from the address below during office hours Monday – Friday 9am – 5pm, or by emailing localreturningofficer@meathcoco.ie
A nomination paper from a candidate of a registered political party must have a certificate of political affiliation attached, which must be produced to me with his/her completed nomination paper.
If no certificate is attached, the candidate must, before the latest time for receiving nominations, either:
- secure 15 assents to the nomination by way of statutory declarations by local government electors registered in the relevant local electoral area (forms available from me or the registration authority), or
- make a deposit of €100 (deposit may also be made on the candidate’s behalf).
The latest time for receiving nominations is 12 noon on Saturday 18th day of May, 2024.
Completed nomination papers may be delivered to me in person by the candidate or his/her proposer at any time when I am at my office, from 10am on Saturday 11th day of May, 2024, until 12 noon on the last day for receiving nominations.
I am required by law to attend to receive nominations between 10am and 12 noon and between 2pm and 5pm on Friday 17th day of May, 2024 and between 10am and 12 noon on Saturday 18th day of May, 2024.
If the election is contested, a poll will be taken on the 7th day of June, 2024 between the hours of 7am and 10pm
Returning Officer: Dara McGowan, Meath County Council, Buvinda House, Dublin Road, Navan, County Meath. C15Y291
Date: 30th April 2024