Every adult resident in the state is entitled to be registered, their citizenship determines the type of elections they may vote in (see below)
Referenda: Only Irish citizens can vote in referenda e.g. to vote for or against a proposal to modify the Irish constitution (Bunreacht na hÉireann).
Presidential: Only Irish citizens can vote in Presidential Elections.
Elections for Dáil Éireann: Both Irish and British citizens can vote in elections for Dáil Éireann (the lower house of parliament).
Elections for the European Parliament: Irish and other European Union (EU) citizens can vote in elections for the European Parliament.
Elections for Local Government: Irish, British, EU and non-EU citizens can vote in local elections.
Tá gach duine fásta a bhfuil cónaí air/uirthi sa stát i dteideal a bheith cláraithe; is é a stádas saoránachta a chinneann cé acu cineálacha toghcháin ina bhféadfaidh siad vóta a chaitheamh (féach thíos)
Reifrinn: Ní féidir ach le saoránaigh Éireannacha vóta a chaitheamh i reifreann m.sh. vóta a chaitheamh ar son nó in aghaidh an mholta go ndéanfaí athrú ar Bhunreacht na hÉireann.
Toghcháin Uachtaránachta: Ní féidir ach le saoránaigh Éireannacha vóta a chaitheamh i dtoghcháin uachtaránachta.
Toghcháin Dháil Éireann: Is féidir le saoránaigh Éireannacha agus Bhriotanacha araon vóta a chaitheamh i dtoghcháin Dháil Éireann (teach íochtarach na parlaiminte).
Toghcháin Pharlaimint na hEorpa: Is féidir le saoránaigh Éireannacha agus thíortha eile an Aontais Eorpaigh (AE) vóta a chaitheamh i dtoghcháin Pharlaimint na hEorpa.
Toghcháin Rialtais Áitiúil: Is féidir le saoránaigh Éireannacha, Bhriotanacha agus thíortha eile an AE vóta a chaitheamh i dtoghcháin áitiúla chomh maith le daoine nach saoránaigh de chuid an AE iad.